Léachtaí as an mBíobla Naofa

Many Irish couples nowadays have some sections of their wedding ceremony in Irish. The most obvious place for this are in the readings (and the wedding vows - if the couple are fairly fluent.) Below is a selection of the best-loved reading from each of the three sections, A, B, C. For the other liturgical texts of a wedding Mass in Irish, click here

A. Sean-Tiomna

  1. Geineasas 1:26-28,31
    (Fireann agus Baineann is ea a chruthaigh Sé iad; Male and Female He created them)
  2. Geineasas 2:18-24
    (Déanann aon fheoil amháin díobh
    ; They become one flesh)
  3. Seanfhocail 31:10-23
    (An Bhean gan Cháim; Praise of the Virtuous Woman)



  4. B. Nua-Thiomna

  5. Rómhánaigh 8:31-35, 37-39
    (Má tá Dia ar ár son, cad a cuifear amú sinn?)
  6. Rómhánaigh 12:1-2, 9-18
    (Bíodh grá clainne agaibh dá chéile)
  7. Corantaigh  12:31-13:8
    (An Grá Uasal)

    C. Soiscéal

  8. Matthew 5:1-12
    (Na Suáilcí Críostaí - Na Biáide)
  9. Matha 19:3-6
    (Ná scaoileadh duine é)
  10. Eoin 2:1-11
    (An Pósadh i gCána)


These nine Readings are from the Irish translation of the Bible
made by an tAthair Pádraig Ó Fiannachta,
and are used here with his kind permission.



Geineasas 1:26-28,31 (Fireann agus Baineann is ea a chruthaigh Sé iad)

Sliocht as Leabhar Geineasas

Dúirt Dia: "Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh." Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é. Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.

Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: "Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh." Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin.Críochnaíodh neamh agus talamh agus a gcóiriú go léir ar an gcuma sin.

Sin é Briathar Dé



Geineasas 2:18-24 (Déanann aon fheoil amháin díobh)

Sliocht as Leabhar Geineasas

Agus dúirt an Tiarna Dia: "Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó." Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t-ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a  bheadh mar ainm air. Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine.

Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall. An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í. Dúirt an duine ansin:

"Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh,
Agus is feoil de m'fheoilse í.
Tabharfar bean (ís-seá) uirthi
Mar gur baineadh as an bhfear (ís) í."

Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.

Sin é Briathar Dé


Seanfhocal 31:10-23
(An Bhean gan Cháim)

Sliocht as Leabhar na Seanfhocail

Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil? Is luachmhaire í ná péarlaí. Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir, agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr. Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dó ar feadh a saoil. Lorgann sí olann agus líon, agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha. Is geall le hárthach ceannaí í agus í ag tabhairt a cuid bia ón imigéin. Déanann sí mochóirí roimh lá agus tugann bia dá teaghlach, agus riarann a gcúraimí ar a cuid ionailtí.

Déanann sí gort a iniúchadh agus é a cheannach; cuireann sí fíonghort lena mbíonn saothraithe aici lena lámha. Cuireann sí a neart mar chrios faoina coim, agus taispeánann fuinneamh a géag. Feiceann sí gur maith is fiú é a saothar agus ní mhúchtar a lampa san oíche. Coinníonn sí an coigeal ina láimh agus beireann a méireanna ar an bhfearsad. Caitheann sí go fial leis an duine dearóil, agus tugann sí déirc don duine bocht. Ní eagla léi sneachta a theacht ar a teaghlach, mar go bhfuil éadach [cluthair] ar a seirbhísigh go léir. Déanann sí a cuilteanna féin, agus bíonn línéadach mín agus éidí corcra uimpi.

Bíonn a fear céile faoi dhea-mheas ag geataí na cathrach, nuair a shuíonn sé i gcomhluadar sheanóirí na tíre.

Sin é Briathar Dé



Rómhánaigh 8:31-35, 37-39
(Má tá Dia ar ár son, cad a cuifear amú sinn?)

Sliocht as Litir Naoimh Póil, chuig na Rómhánaigh

Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne? Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?

Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú? Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son? Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea? nó cruatan, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin?

Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn. Mar táim cinnte dearfa de nach bhféadfaidh bás ná beatha, aingil ná prionsaí ná cumhachtaí, nithe atá ann anois ná nithe atá le teacht, an domhan thuas ná an domhan thíos, ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna.

Sin é Briathar Dé



Rómhánaigh 12:1-2, 9-18 (Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile)

Sliocht as Litir Naoimh Póil, chuig na Rómhánaigh

A bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta. 2 Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.

Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith. Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile; bígí dúthrachtach gan leisce, ar lasadh leis an Spiorad, agus ag seirbhís don Tiarna. Bígí suairc le dóchas, seasmhach faoi thrioblóid, ag guí gan staonadh, ag tabhairt riar a gcáis do na naoimh, agus ag cleachtadh na féile.

Beannaígí bhur ngéarleantóirí - is ea, bíodh an bheannacht agaibh dóibh in áit na mallachta. Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin. Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná héirigí teann as bhur gcuid gaoise féin. Ná himrígí cor in aghaidh an chaim ar aon duine ach an rud uasal a bheith mar aidhm agaibh os comhair an tsaoil. Más féidir é, chomh fada le bhur ndícheall, mairigí go síochánta le cách uile.

Sin é Briathar Dé



Corantaigh  12:31-13:8 (An Grá Uasal)

Sliocht as Céad Litir Naomh Pól chuig na Corantaigh

Is ar na tíolacthaí is tábhachtaí ba cheart tóir a bheith agaibh agus táimse chun ríbhealach a thaispeáint daoibh.

Má labhraím i dteangacha daoine agus aingeal ach gan aon ghrá a bheith agam, níl ionam ach mar a bheadh prás ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh.Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus  oiread lánchreidimh agam agus a d'aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam,  is neamhní mé. Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach  gan aon ghrá a bheith agam, ní aon tairbhe dom é.

Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach. Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. Bíonn sé lán d'fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d'fhoighne. Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. Bíonn sé lán d'fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d'fhoighne. Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t-eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo.

Sin é Briathar Dé



Matthew 5:1-12
(Na Suáilcí Críostaí - Na Biáide)

Sliocht as a Soiscéal Naofa, de réir Naomh Matha

"Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige. Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt:

""Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
"Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.
"Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.
"Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.
"Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu.
"Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.
"Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.
"Is méanar dóibh seo a d'fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo ríocht na bhflaitheas.

""Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa. "Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh.

"Soiscéal ár dTiarna, Íosa Críost



Matha 19:3-6 (An ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é)

Sliocht as a Soiscéal Naofa, de réir Naomh Matha

Tháinig Fairisínigh chuige agus dúirt leis, ag baint trialach as: "An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh ar gach uile shórt cúise?" D'fhreagair sé agus dúirt:

"Nár léigh sibh go ndearna an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann agus go ndúirt: 'Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.'

Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é."

Soiscéal ár dTiarna, Íosa Críost

*



Eoin 2:1-11 (An Pósadh i gCána)

Sliocht as a Soiscéal Naofa, de réir Naomh Eoin

An tríú lá bhí pósadh i gCána sa Ghailíl agus bhí máthair Íosa ann. Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail.

Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le Íosa: "Níl aon fhíon acu." Dúirt Íosa léi: "Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m'uairse tagtha fós." Dúirt a mháthair leis an lucht freastail: "Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh."

Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann. Dúirt Íosa leo: "Líonaigí na soithí suas le huisce."Agus líon siad go béal iad. Dúirt sé leo: "Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é." Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t-uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta, agus dúirt leis: "Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád. Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois."

Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.

Soiscéal ár dTiarna, Íosa Críost

These 9 Readings are from the Irish translation of the Bible
made by an tAthair Pádraig Ó Fiannachta,
and are used here with his kind permission.
Formatting by P.Rogers